Sunday, June 12, 2011

An Túaille Scanrúil

Is mór an clú atá ar na Pittsburgh Steelers, an fhoireann péile Meiriceánaigh, ar fud an domhain. Comhartha naofa do thacaithe na Steelers is ea an “túaille scanrúil” (an “terrible towel” as Béarla). Feictear an túaille buí seo go flúirseach ag cluichí na foirne agus i ngach áit i mBaile Phitt. Go spéisiúil, tá leagan Gaeilge le feiceáil sa chathair sin anois. Ar an drochuair, tá botún mór déanta air — tá an chomhréir ainmfhocal-aidiacht as ord.

No comments: