Tuesday, September 12, 2006

Dán i gCrannóg

Seo é dán de mo chuid a d’fhoilsigh an t-irisleabhar liteartha Gaillimheach, Crannóg, in eagrán 12, Samhradh 2006:

Lá Bealtaine, thar Sáile

B’fhearr na rainn a chumadh
agus tuirse ort, easpa suain
nó go dtiocfadh aislingí sa dhúiseacht,
nó, mar a déanadh roimh éag do Mhongán,
riamh i seomra dorcha
ag déanamh aithrise ar chodladh aríst,

nach dtagann


Cuardaíonn tú leabhar nótaí,
láithríonn buidéal beora,
teilifíseán ar ‘MUTE’,
cat i bhfuinneog trasna na sráide
ag breathnú ort
trí theas tiubh an tráthnóna —

     tine         tine

— Mícheál Ó Beigléinn

1 comment:

Anonymous said...

I believe That Ken Loach And James Joyce Might share this date with you..... i'm not sure myself I know somethings about dating and others date..... -I know about Bill.... C